An Seachtar Stuama - Déanaigí Deifir, a Sheachtair!

Seo leabhar nua ón tsraith An Seachtar Stuama atá á seoladh ag Cló Iar-Chonnacht i mbliana. Sé leabhar ón tsraith cháiliúil seo le hEnid Blyton atá aistrithe go Gaeilge ag CIC anois. I Déanaigí Deifir, a Sheachtair! tá an Seachtar (deartháir agus deirfiúr Peadar agus Sinéad, agus a gcairde Jeaic, Cóil, Gearóid, Neansaí agus Bairbre) ag teacht ó phicnic nuair a fheiceann siad fear ag titim óna rothar. Agus é ag fanacht ar otharcharr éiríonn leis teachtaireacht rúndiamhrach a thabhairt dóibh.

An mbeidh siad in ann brí a chuid focal a fhuascailt agus tubaiste uafásach a sheachaint? Scéal taitneamhach, spleodrach é seo a thaitneodh go mór le léitheoirí óga. Tá an scéal thart ar seachtó leathanach agus briste suas in ocht gcaibidil ghearra. Tá an leagan amach glan le cló mór, neart spáis idir na línte agus léaráidí deasa déanta ag Tony Ross (maisitheoir Horrid Henry). Dar liomsa tá an teanga agus nathanna cainte sách casta don aoisghrúpa a bheadh á leamh. Mar gheall air seo mothaím gur scéal é seo don léitheoireacht roinnte le tuismitheoir nó múinteoir seachas an léitheoireacht neamhspleách. Mar fhocal scoir, ní mór dom tagairt a dhéanamh do na cailíní sa scéal! Seans maith go raibh na haistritheoirí ag iarraidh a bheith dílis do na buncharachtair a chruthaigh Enid Blyton ach is mór an trua nach raibh beagáinín athscríobh déanta ar mhaithe le cailíní níos láidre agus cróga ná mar atá ar fáil sa leagan seo a chur os ár gcomhair.

Book Cover - An Seachtar Stuama - Déanaigí Deifir, a Sheachtair!
Author
Illustrator
Publisher
Reviewer
Publication Date
August 2017
Price
€7.00
Format
Paperback
Pages
72
ISBN
9781784441579