Bearradh Gruaige d'Eoinín

Is minic a bhíonn drogall ar pháistí óga bearradh gruaige a fháil. Agus cén fáth nach mbeadh? Siosúr géar, trup millteanach ón triomadóir agus strainséir ag cur isteach ort le horduithe. Ach leis an leabhar beag gleoite seo, beidh tachráin ábalta cuairt a thabhairt ar an ghruagaire roimh ré in éineacht le mamaí nó daidí agus uainín cróga lomrach!

Seo mír eile sa tsraith spraíúil de leabhair chairtchláir a thugann cuireadh don léitheoir óg cuidiú a thabhairt do laoch an scéil. Cuirtear ceist ort greim a bhreith ar lámh Eoinín nuair atá buairt air agus faigheann tú deis cnaipe an triomadóra a bhrú. Is sásta an chaora óg atá ann ag an deireadh mar gheall ar an chúnamh a fhaigheann sé ón léitheoir agus an ghruagaire cairdiúil. Rud a chuirfeadh tuismitheoir nó páiste ar a shuaimhneas roimh bhearradh gruaige.

Le cúlra suaimhneach gorm, is fóirsteanach a bheadh an leabhar seo mar scéal roimh am luí. Tá a lán le léamh ar aghaidh Eoinín agus is éasca a bheidh sé do léitheoir óg na mothúcháin seo a thuiscint sna léaráidí bríomhara. Tá na leathanaigh breactha le sonraí beaga suimiúla fosta– is greannmhar an radharc de héin ag tógáil neide in olann thiubh na caorach!

Is iontach an áis iad na leabhair chairtchláir ardchaighdeáin Ghaeilge seo do thuismitheoirí agus mhúinteoirí luath-óige. Ba mhaith linn tuilleadh leabhar cosúil leis seo le bhur dtoil!

About the Author
Headshot of Muireann Ní Chíobháin
Is scríbhneoir, craoltóir, aisteoir agus scéalaí í Muireann Ní Chíobháin. I measc na saothar uaithi tá na sraitheanna teilifíse don óige ‘Dig In Diner’, ‘Mr Mender and The Chummyjiggers’ agus ‘The Adventures of Muc’ atá le feiceáil ar RTÉjr. I measc na scéalta gearra atá scríofa aici do pháistí tá bailiúchán scéalta faoi ‘LUKE’ mar chuid den tsraith teilifíse cháiliúil ‘Tell Me a Story’ , agus os
Learn more
About the Illustrator
Headshot of Roisin Hahessy
Róisín Hahessy has always had a great passion for drawing and illustration. After graduating from animation college in Dublin, she spent a number of years working in television graphics. In 2015, she relocated to a city in southern Brazil and has been able to focus a lot more on drawing and illustration, which is what makes her happiest.
Learn more
Book Cover – Bearradh Gruaige d'Eoinín
Publication Date
September 2024
Price
€8.95
Format
Board Book
Pages
12
ISBN
9781915684219