Dialann Dúradáin: Leadaí Na Leisce
Ba bhreá le Greg Heffley a shamhradh a chaitheamh os comhair scáileáin ach níl a mhamaí sásta. Tá samhradh iomlán éagsúil beartaithe aici dó. An mbeidh an bua ag mamaí nó ag Greg? Tá pictiúir áille ar gach leathanach den leabhar a chabhraíonn go mór leis an údar beocht agus greann a chruthú.
Tugann na pictiúir agus na fuaimeanna éagsúla leideanna do na léitheoirí óga atá ag streachailt leis an léitheoireacht. Baineann an t-aistritheoir úsáid as draíocht na teanga chun na fuaimeanna éagsúla a chur os comhair an léitheora óig m.sh. ‘bhuf bhuf bhuf’ lch 122, ‘Vrrúúm’ lch 117, ‘Slubar, slubar’ lch 130, ‘úúúúúúúúúú ááááááááááááá’ lch 139.
Tá an teideal an-éifeachtach. Cabhraíonn an uaim atá le cloisteáil sa teideal Leadaí na Leisce go mór leis an léitheoir óg spiorad an phríomhcharachtair a thuiscint. Tá an cleas céanna le feiceáil sa teideal Béarla – Dog Days. Tá teachtaireacht láidir le foghlaim ón leabhar seo – níor chóir an samhradh ar fad a chaitheamh os comhair scáileáin. Ba chóir do pháistí dul amach faoin aer.
Tá Gaeilge bhreá, intuigthe úsáidte ag Máirín Nic Con Iomaire agus tá iarracht déanta aici abairtí simplí a úsáid a thuigfidh na páistí óga. Thaitneodh an leabhar seo go mór le páistí i nGaelscoileanna ag am DEAR. ach d’fhéadfadh múinteoir ar bith an leabhar a úsáid ina rang chun grá agus spraoi sa teanga a láidriú i measc na bpáistí.