Tintin: Seacht Mallacht na Meallta Criostail

Aithníonn muid ar fad Tintin, a mhadra Báinín agus an Captaen Haileabó agus tuigeann muid an cinéal eachtraíochta agus bleachtaireachta a bhíonn ar bun acu agus ní haon eisceacht an eachtra seo! Sa scéal seo filleann seachtar eolaithe ó obair thaighde a bhí ar siúl acu i bPeiriú sna hAindéis agus iad ag lorg tuama an Rí Incigh, Rascar Capac agus is cosúil go bhfuil mallacht éigin orthu mar go bhfuil scéal ann go bhfuil an seachtar fágtha i gcóma!

Taobh le chuile dhuine díobh tá meal criostail agus is dóigh le Tintin agus a chompánaigh go bhfuil leideanna le leanúint le teacht ar an bhfíorscéal. Ag teacht i dtreo dheireadh na heachtra fuadaítear an tOllamh Prionsias Piocardach, cara le Tintin agus feicfimid Tintin, Báinín agus Captaen Haileabó lena mbealach a dhéanamh go Peiriú len é a shábháil agus bíonn muid ag súil leis an gcéad chuid eile den eachtra!

Mar a mbeifí ag súil leis i scéalta Tintin, tá gluaiseacht an-mhaith sa scéal, tá na pictiúir mealltach agus tarraingteach agus cuma snasta néata ar na carachtair agus leagan amach. Ag amanna tá roinnt plé ann maidir leis an scéal, le cúlra a thabhairt agus eachtraí a mhíniú ach níl sé sin ann ró-mhinic agus ní chuireann sé isteach ar an scéal. Tá an t-aistriúchán taitneamhach do léitheoirí óga agus in oiriúint dóibh, tá an bhéim ar an scéal agus na carachtair agus taitneoidh an eachtra seo le léitheoirí óga.

Book Cover - Tintin - Seacht Mallacht na Meallta Criostail
Author/Illustrator
Publisher
Publication Date
November 2022
Price
€9.95
Format
Paperback
Pages
100
ISBN
9781913573423