Zog

Sa scéilín álainn seo tá Zog an dragún ag obair go dícheallach ar scoil chun réalta óir a fháil. Bainfidh páistí taitneamh as an sár iarracht a dhéanann Zog chun a bheith an buachaill is fearr ar scoil agus é ag foghlaim conas béiceadh i gceart agus conas tine a shéideadh.

Buaileann Zog le cailín deas a chuireann i gceart é lena fearas garchabhrach nuair atá cúnamh uaidh. Nuair nach n-éiríonn le Zog breith ar bhanphrionsa tagann an cailín deas i leith chun cúnamh a thabhairt dó: ‘Bhfuil banphrionsa de dhíth? / Mar is banríon í mo mhamaí / Agus Daidí – sin an rí!’

Téann an scéilín in aghaidh coinbhinsiún nuair a imíonn an banphrionsa leis an dragún go toilteanach. Nuair a thagann ridire cróga chun í a shábháil, diúltaíonn sí gnáthról an bhanphrionsa. Cuireann sí a ladar isteach sa troid idir an ridire agus an dragún: ní gá troid ar bith. Ní theastaíonn uaithi a bheith ‘saor’, tá sí lánsásta mar atá sí ag obair mar dhochtúir. Aontaíonn an ridire léi. B’fhearr leis féin a bheith mar dhochtúir ná ridire freisin. Ar deireadh bíonn Zog mar otharcharr sa spéir don bhanphrionsa agus a cúntóir, an ridire, dochtúirí ag eitilt.

Scéal fileata spreagúil do chailíní agus buachaillí. Bainfidh léitheoirí níos sine taitneamh as ábhar tráthúil an scéil agus tiocfaidh léitheoirí óga ar ais arís agus arís eile go dtí na pictiúir gleoite.

Book Cover - Zog
Illustrator
Publisher
Reviewer
Publication Date
January 2019
Price
€9.95
Format
Paperback
Pages
32
ISBN
9781910945445